Ard-Oifig an Phoist <>

AMALGAMATION OMNIVERSE

Ealaíontóir
Rudi Kurnia

Is amharc ealaíontóir Indinéiseach é Rudi Kurnia a chruthaíonn saothair ealaíne nuálacha agus samhlaíocha d’earnáil na n amharc ealaíon atá bunaithe ar chúrsaí digiteacha. Cuimsítear dearaí ealaíne déthoiseacha lena theilgmhapáil físeán, chomh maith le carachtair thríthoiseacha agus timpeallachtaí tríthoiseacha, agus íomhánna agus físeáin atá ginte ag an Intleacht Shaorga (IS). Déantar ceiliúradh ar inniúlachtaí an duine i saothar ealaíne Ard-Oifig an Phoist, ina gceanglaítear an lá inniu leis an todhchaí.

Glacann sé le SOILSE GEIMHRIDH BHAILE ÁTHA CLIATH DE CHUID CHOMHAIRLE CATHRACH BHAILE ÁTHA CLIATH 2023 mar dheis speisialta chun a dhúshlán féin a thabhairt ach an paisean atá aige a úsáid i gcruthaitheacht amharc ealaíne digití. Ba mhaith leis tuilleadh a dhéanamh ar son an phobail chruthaithigh agus na n éiceachóras cruthaitheach ar fud an domhain trí úsáid a bhaint as a scileanna insinte agus samhlaíocha.

Go teicniúil, úsáidtear roinnt modhanna chun teilgmhapáil a dhéanamh, lena n áirítear dearaí ealaíne déthoiseacha a chruthú, chomh maith le carachtair thríthoiseacha agus timpeallachtaí tríthoiseacha agus ansin, cuirtear le chéile iad le híomhánna agus físeáin atá ginte ag an Intleacht Shaorga (IS). Is é an chéad chéim eile ansin cuid de na modhanna a chur le chéile in aon fhíseán beochana amháin. Sa tionscadal seo, chomhoibrigh sé le Hilmi Adriansyah mar Thacaíocht Fuaime, Sams Gilang mar Thacaíocht Fuaime, agus Bobbie Rendra mar Thacaíocht Scéil.

IR
Skip to content