CÉ MUID FÉIN

Sa ráiteas príobháideachais seo, tagraítear don suíomh gréasáin dublinwinterlights.ie, atá á oibriú ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath.

Féachann Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath le forbairt eacnamaíoch, shóisialta agus chultúrtha Chathair Bhaile Átha Cliath a chur chun cinn agus, ar an gcaoi sin, le cur go mór le caighdeán maireachtála mhuintir Chathair Bhaile Átha Cliath.

Tá soláthar seirbhísí ar ardchaighdeán, atá saincheaptha chun freastal ar riachtanais ár gcustaiméirí go léir, fós ar cheann de phríomhchuspóirí Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus áirítear inár bPlean Corparáideach é. Ní hamháin go gcuimsítear sa tseirbhís ardchaighdeáin sin leibhéal agus caighdeán na seirbhíse a thugtar dár gcustaiméirí, ach caighdeán ár bpróiseas cinnteoireachta, éifeachtúlacht agus éifeachtacht ár n-oibríochtaí corparáideacha, caighdeán ár n-áiseanna agus ár gcumas dul in oiriúint do thimpeallacht atá ag síorathrú freisin.

D’fhonn an réimse seirbhísí is éifeachtaí agus is spriocdhírithe a chur ar fáil le freastal ar riachtanais shaoránaigh, phobail agus ghnólachtaí chathair Bhaile Átha Cliath, ní mór dúinn cineálacha áirithe faisnéise faoi dhaoine agus eagraíochtaí a bhailiú, a phróiseáil agus a úsáid. Ag brath ar an tseirbhís atá á lorg nó á cur ar fáil, d’fhéadfadh sé go n-áireofaí leis an bhfaisnéis sin ‘sonraí pearsanta’ faoi mar a shainmhínítear a leithéid sna hAchtanna um Chosaint Sonraí agus i Rialachán Ginearálta an Aontais Eorpaigh maidir le Cosaint Sonraí 2016 (RGCS). Féadfaidh baint a bheith ag na sonraí pearsanta le húsáideoirí seirbhíse san am atá caite agus san am amach anseo; fostaithe san am atá caite, fostaithe reatha agus fostaithe ionchasacha; soláthraithe agus baill den phobal a fhéadfaidh dul i mbun cumarsáide le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath. Ina theannta sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh ar Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, ó am go chéile, cineálacha áirithe sonraí pearsanta a bhailiú, a phróiseáil agus a úsáid chun riachtanais rialála nó reachtúla a chomhlíonadh, nó de réir mar a theastaíonn go réasúnta chun ár bhfeidhmeanna a chomhlíonadh.

CAD CHUIGE A BHFUIL RÁITEAS PRÍOBHÁIDEACHAIS AGAINN?

Tá an ráiteas príobháideachais seo á chruthú ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath lenár dtiomantas diongbháilte don phríobháideachas a léiriú, agus le go bhféachfaimid le slándáil na sonraí a sholáthraíonn tú a chinntiú i ngach déileáil a dhéanann le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath.

Déanann Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath méid suntasach sonraí pearsanta a chruthú, a bhailiú agus a phróiseáil i bhformáidí éagsúla ar bhonn laethúil. Féadfaidh tú na sonraí seo a leagan isteach trí fhoirmeacha iarratais nó trínár suíomh gréasáin, nó trí chomhfhreagras leat. Féadfaimid faisnéis a fháil fútsa ó fhoinsí eile freisin, amhail ranna rialtais nó comhlachtaí reachtúla eile, ó thríú páirtithe eile (lena n-áirítear baill den phobal) agus ó fhoinsí poiblí nuair is gá. Tiomnaíonn Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath d’úsáid a bhaint as sonraí pearsanta:

Uaireanta, b’fhéidir go mbeadh orainn teagmháil a dhéanamh leat. Nuair a chuireann tú sonraí pearsanta ar fáil do roinn amháin de Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, d’fhéadfaí iad a roinnt le ranna eile den Chomhairle chomh fada agus go bhfuil an chomhroinnt inmheánach sin ábhartha, comhréireach agus riachtanach go réasúnta lenár bhfeidhmeanna reachtúla a chomhlíonadh. Seo a leanas samplaí de na cásanna inar féidir le ranna de Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath faisnéis a roinnt lena chéile:

Is féidir le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath do chuid faisnéise a roinnt le heagraíochtaí eile, más gá, agus sa chás a cheadaítear nó a éilítear a leithéid de réir an dlí infheidhme, lena n-áirítear údaráis agus comhlachtaí poiblí eile. Féadfar sonraí pearsanta a roinnt freisin le próiseálaithe sonraí tríú páirtí atá freagrach as tacú le hoibríochtaí na Comhairle.

Is é an príomhbhunús dlí le do shonraí pearsanta a phróiseáil ná (i) go bhfuil an phróiseáil sin riachtanach chun ár n-oibleagáidí dlíthiúla a chomhlíonadh agus/nó (ii) gur gá dúinn ár gcúraimí a chur i gcrích ar mhaithe le leas an phobail agus/nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe dúinn.

Ní choinneoimid do shonraí pearsanta ach chomh fada agus a theastaíonn siad uainn lenár bhfeidhmeanna a chomhlíonadh, agus ina dhiaidh sin scriosfar iad trí mhodhanna cuí slána. Sa chás nach dócha go mbeidh orainn do chuid sonraí a aistriú lasmuigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (“LEE”), ní dhéanfaimid é sin ach amháin nuair is féidir linn an t-aistriú a chinntiú le coimircí iomchuí agus sa chás go bhfuil sé de cheart dlíthiúil againn é sin a dhéanamh.

CÉARD IAD NA SONRAÍ PEARSANTA ATÁ AG TEASTÁIL UAINN?

Na cineálacha sonraí pearsanta a n-iarrfar ort iad a sholáthar, is féidir iad a aicmiú mar seo a leanas.

SONRAÍ TEAGMHÁLA

D’fhonn gur féidir cumarsáid a dhéanamh leat, iarrfar ort sonraí teagmhála a roinnt. Ní gá duit na sonraí teagmhála go léir a chur ar fáil, ach déanann sé níos éasca cumarsáid a dhéanamh, mar shampla ríomhphost, fón, seoladh.

SONRAÍ FAOI CHÚINSÍ PEARSANTA

Más mian leat iarratas a dhéanamh ar sheirbhís ar leith ón údarás áitiúil, iarrfar ort méid éagsúil sonraí pearsanta a bhaineann leatsa agus le do theaghlach a thabhairt duit, chun tacú le d’iarratas. Tá an t-eolas atá de dhíth orainn leagtha amach ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath i sraith foirmeacha iarratais ar leith a bhaineann le gach seirbhís. Leagfar amach sonraí sonracha próiseála do gach seirbhís sna foirmeacha iarratais faoi seach.

SONRAÍ AIRGEADAIS

Más mian leat iarratas a dhéanamh ar sheirbhís ar leith ón údarás áitiúil, is féidir go n-iarrfar ort méid éagsúil sonraí pearsanta airgeadais a bhaineann leatsa agus le do theaghlach a iarraidh ort, chun tacú le d’iarratas. Leagfaidh Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath amach an t-eolas atá de dhíth orainn i sraith foirmeacha iarratais ar leith a bhaineann le gach seirbhís.

TAIFID A CHOINNEÁIL

Coinníonn Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath faisnéis phearsanta chomh fada agus is gá. Cuirfidh an roinn a bhfuil do shonraí pearsanta ina seilbh níos mó sonraí ar fáil duit maidir leis an bhfad a choinnítear do shonraí pearsanta.

DO CHEARTA

Tá na cearta seo a leanas agat, i gcúinsí áirithe agus faoi réir díolúintí infheidhme, maidir le do shonraí pearsanta:

Tabhair faoi deara, chun cabhrú le do phríobháideachas a chosaint, go nglacaimid bearta chun d’aitheantas a fhíorú sula ndeonaítear rochtain ar shonraí pearsanta.

Más mian leat aon cheann de na cearta seo a fheidhmiú, cuir iarratas isteach chuig á Data Protection Officerina leagtar amach sonraí sonracha an iarratais.

Próiseálfar gach iarratas bailí gan moill mhíchuí agus, in aon chás, laistigh d’aon mhí amháin tar éis an t-iarratas a fháil. Féadfar síneadh suas le dhá mhí eile a chur leis an tréimhse sin más gá.

CEART CHUN GEARÁN A CHUR FAOI BHRÁID OIFIG AN CHOIMISIÚIN UM CHOSAINT SONRAÍ

Mura bhfuil tú sásta le toradh an fhreagra a fuair tú ó Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath maidir le d’iarratas, ansin tá tú i dteideal gearán a dhéanamh a chur faoi bhráid an Choimisiúin um Chosaint Sonraí, a d’fhéadfadh an t-ábhar a fhiosrú ar do shon.

Is é www.dataprotection.ie suíomh gréasáin an Choimisiúin um Chosaint Sonraí nó is féidir leat teagmháil lena Oifig ar:

AN COIMISIÚN UM CHOSAINT SONRAÍ

Uimhir Teileafóin

Lo Call Number: 1890 252 231

Seoladh Ríomhphoist

[email protected]

SUÍOMHANNA GRÉASÁIN EILE

Tá naisc chuig suíomh ghréasáin eile ar ár suíomh gréasáin. Ní bhaineann an ráiteas príobháideachais seo ach leis an suíomh gréasáin seo agus leis na seirbhísí a fheidhmíonn an Chomhairle. Agus tú ag nascadh le suíomh ghréasáin eile ba chóir duit a bpolasaí príobháideachais a léamh.

ATHRUITHE AR ÁR RÁITEAS PRÍOBHÁIDEACHAIS

Déanaimid athbhreithniú rialta ar ár ráiteas príobháideachais agus cuirfimid an t-eolas is déanaí ar an leathanach gréasáin seo. Rinneadh an polasaí príobháideachais seo a nuashonrú ar an 1 Samhain 2022.

DLÍ RIALAITHE AGUS DLÍNSE

Is faoi dhlí na hÉireann amháin a rialaítear an ráiteas príobháideachais seo agus gach saincheist a bhaineann leis an suíomh gréasáin seo agus tá siad faoi réir dhlínse eisiach chúirteanna na hÉireann.

AN CHAOI LE TEAGMHÁIL A DHÉANAMH LINN

Má tá aon cheist agat a bhaineann le Ráiteas Príobháideachais Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath nó le polasaithe maidir le Cosanta Sonraí, déan teagmháil lenár Data Protection Officer.

AN ÚSÁID A BHAINIMID AS FIANÁIN

Ní úsáidfidh Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath (agus ní cheadóidh sé d’aon tríú páirtí) an uirlis anailísíochta staitistiúil chun aon fhaisnéis inaitheanta phearsanta de chuairteoirí ar ár suíomh a rianú nó a bhailiú. Ní chomhcheanglóimid aon sonraí a bhailítear ón suíomh seo le haon fhaisnéis a shainaithníonn go pearsanta ó fhoinse ar bith mar chuid den úsáid a bhainimid as uirlis anailísíochta staitistiúil Google. Ní nascfaidh Google do sheoladh IP le haon sonraí eile atá i seilbh Google. Ní nascfaidh Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath ná Google seoladh IP, ná ní dhéanfaidh siad iarracht seoladh IP a nascadh le céannacht úsáideora ríomhaire.

Baineann Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath úsáid as fianáin chun go bhféadfaidh roghanna inrochtaineachta ar an suíomh feidhmiú i gceart i.e. méid an téacs a mhéadú/a laghdú nó an chodarsnacht a athrú. Úsáidtear fianáin freisin chun ligean d’úsáideoirí fón póca an leagan soghluaiste den suíomh a bhrabhsáil.

FIANÁIN FEIDHMÍOCHTA CCBÁC

Ceadaíonn fianáin Feidhmíochta CCBÁC dúinn cuairteanna agus foinsí tráchta a chomhaireamh ionas gur féidir linn feidhmíocht an tsuímh seo a thomhas agus a fheabhsú. Is féidir linn measúnú a dhéanamh, mar shampla, ar na leathanaigh a théann chuig an gcuid is mó agus is lú go minic, agus an bhfaigheann siad teachtaireachtaí earráide ó leathanaigh ghréasáin nó ó naisc. Ní bhailíonn na fianáin seo faisnéis a shainaithníonn cuairteoir. Déantar an fhaisnéis go léir a bhailíonn na fianáin seo a chomhiomlánú agus, dá bhrí sin, anaithnid. Ní úsáidtear Fianáin Feidhmíochta CCBÁC ach chun feabhas a chur ar an gcaoi a n-oibríonn an suíomh seo agus ní roinntear iad le tríú páirtithe. Trí na fianáin seo a cheadú, cabhraítear linn feabhas a chur ar fheidhmíocht an tsuímh.

TUILLEADH EOLAIS FAOI FHIANÁIN

Is comhlacht tionscail é an Biúró Fógraíochta Idirghníomhach (IAB) a fhorbraíonn caighdeáin agus treoirlínte chun tacú le próisis ghnó ar líne. Tá sraith leathanach gréasáin curtha ar fáil aige a mhíníonn conas a oibríonn fianáin agus conas is féidir iad a bhainistiú. http://www.iab.net/

FIANÁIN A DHÍCHUMASÚ/A CHUMASÚ

Tá sé de chumas agat glacadh le fianáin nó diúltú dóibh trí na socruithe ar do bhrabhsálaí a athrú. Insítear duit ar shuíomh an IAB an chaoi le fianáin a bhaint de do bhrabhsálaí ag http://www.iab.net/ 

IR
Skip to content