COMHGHAIRDEAS LE BUAITEOIRÍ AN CHOMÓRTAIS EALAÍNE DO PHÁISTÍ

Míle buíochas leis na páistí uilig a ghlac páirt sa Chomórtas Ealaíne do Pháistí bliantúil ‘Soilse Geimhridh Bhaile Átha Cliath Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath’. 

Thaitin sé go mór linn an bheocht a fheiceáil in ‘Draíocht na Nollag i gCathair Bhaile Átha Cliath’ le cruthaíocht, le dathanna agus le scil ealaíonta. Ghlac breis is 370 páiste páirt i mbliana.

IS FÉIDIR LEATSA SULT A BHAINT AS NA SAOTHAIR EALAÍNE FREISIN!

Ar líne 

Tá na hiontrálacha uilig le feiceáil sa ghailearaí ar an leathanach seo. Cliceáil chun an bheochan a chasadh ar siúl.

I lár na cathrach 

Beidh na saothair ealaíne le feiceáil ar thaobh Shráid an Pháláis i gCearnóg Barnardo, Sráid an Dáma. Is féidir leat an chuma a bhíonn orthu a fheiceáil agus iad breis is 2 mhéadar ar airde! 

BUAITEOIRÍ

Ainm: Eve Tierney
Aois: 15
Saothar ealaíne: Nollaig Shona Daoibh

Ainm: Seán Bermingham
Aois: 15
Saothar ealaíne: Dublin De-Lights

Ainm: Avery Tuite
Aois: 10
Saothar ealaíne: Mansion House Christmas

Bhronn Ardmhéara Bhaile Átha Cliath, Daithí de Róiste, duais ar na trí iontráil is fearr, agus úsáideadh na dearaí sin mar chuid de chárta Nollag oifigiúil an Ardmhéara don bhliain 2023. Is féidir na trí shaothar ealaíne áille de chuid na bpáistí a léirigh draíocht na Nollag i mBaile Átha Cliath a fheiceáil thíos. Léiríonn gach saothar ealaíne sainchomhartha aitheanta Bhaile Átha Cliath agus téann sé i bhfeidhm go mór lena scéalaíocht uathúil, dathanna, agus sonraí cruthaitheacha, ag léiriú tallann dhochreidte agus paisin na n-ealaíontóirí óga.

SEOL RÍOMHCHÁRTA

Scaip sonas na Nollag trí ríomhchártaí geanúla a sheoladh leis na saothair ealaíne draíochtacha seo orthu!

Cliceáil anseo chun tús a chur le croíúlacht agus spiorad na Nollag a roinnt leis na saothair ealaíne ealaíonta, chruthaitheacha seo.

Go gcuireadh na saothair áille seo meangadh gáire agus spiorad na Nollag ar chroíthe na ndaoine muinteartha leat

IR
Skip to content