Ard-Oifig an Phoist <>

Appartenenze Belonging

Ealaíontóir
OOOP Studio

Is tionscadal ealaíne é OOOP Studio leis na dearthóirí físeán Alessandro Grisendi agus Marco Noviello a úsáideann físeáin agus grafaicí bunúla le chéile chun an lucht féachana a mhealladh isteach sa scéal. Léirigh siad a gcuid saothar ar fud na hEorpa agus sna Stáit Aontaithe. Is comhtháthú é saothar ealaíne Ard-Oifig an Phoist idir inscne agus daoine, agus léirítear ann go bhfuil an cine daonna i mbun gluaiseachta i gcónaí.

Bhunaigh na dearthóirí físeán Alessandro Grisendi agus Marco Noviello an tionscadal ealaíne OOOP Studio in 2010. Tugann a saothair ealaíne cruth do smaointe físeacha trí chraiceann a chur ar rudaí, a thosaíonn ó fhíorshonraí as a n eascraíonn foirmeacha nua, cruthúcháin neamheisithe bainte as ionadú simplí agus curtha ar fáil go digiteach trí chomhtháthú agus cumaracht na ngnéithe nádúrtha a fhaigheann beocht agus comhfhreagairt nua sa teicneolaíocht. Is í sintéis uathúil an toradh ar an méid sin, curtha ar fáil mar fhorógra faoi mhachnaimh ar chúrsaí ama, ar a theacht i láthair agus ar a stopadh, rudaí a chuirtear ar taispeáint trí lúb an fhíseáin agus trí bhosca an fhíseáin.

Déantar imeachtaí nádúrtha agus fíricí staire agus daonna a athdhearadh agus caomhnaítear a n ábhar dúchais, agus múnlaítear iad sin trí dhíchumadh de bharr na teicneolaíochta chun cur síos a dhéanamh ar cheangail le réadúlacht, ar bhealach go hiomlán nua. Tá tábhacht ag baint le nádúr, eintiteas uileláithreach de bharr an easpa reitrice atá aige. Ó tharla nach bhfuil aon tréith ná gné dhiúltach ag baint leis, is amhlaidh nach bhfuil aon locht air: tá cúlra ann atá rannpháirteach i ngach gné shóisialta, cosnaíonn an dúlra agus géilleann sé don chine daonna a thugann fogha faoi agus a thagann i dtír air, gan aon tuiscint ar a fhíneáltacht ná ar a chumhacht. Déantar ceiliúradh in go leor de na saothair ar an dúlra, ach téitear sa tóir air agus athchruthaítear é freisin, i ndialóg le comhthéacs comhaimseartha, teicneolaíochta agus uirbeach. Tugann OOOP Studio aghaidh ar an ealaín gan glacadh le hidé-eolaíocht ar bith ach trí chartadh go domhain i scéal an duine ach úsáid a bhaint as an ngléas digiteach mar an bealach is feiliúnaí chun an ré seo a léiriú agus a chur i láthair, tá sé solúbtha agus insínte sa chaoi is gur féidir ealaín a chruthú agus a chur i láthair, idir thráchtaireacht agus ghníomhaíocht.

Cruthaíonn, ealaín, teicneolaíocht agus daoine bunlíonra ceangal don phróiseas cruthaitheach ar fad a éiríonn tumthach agus riachtanach, agus déantar é a bheachtú chun eispéiris allabhracha a chruthú ina gcuirtear an lucht féachana san áireamh laistigh d’fhorbairt agus teacht chun cinn an scéil.

Tugann na healaíontóirí faoi thionscadail ar mhaithe le hamharclannaíocht, ceol, taispeántais ghearrshaolacha, féilte agus taibhléirithe freisin, agus iad ag comhoibriú le institiúidí ealaíne agus cultúrtha mór le rá amhail Venice Biennale, La Scala Theater (Milano), an Aireacht Gnóthaí Eachtracha agus Comhair Idirnáisiúnta (Farnesina -an Róimh), Staatstheater in Hannover, Nationale Opera & Ballet / Dutch National Opera & Ballet in Amsterdam agus go leor eile.

IR
Skip to content