Theach an Chustaim <>

Symbiosis

Ealaíontóir
VPM Creative LAB

Is stiúideo cruthaitheach é V.P.M atá bunaithe ar léiriú agus nuálaíocht chlosamhairc, agus ba iad Joan Nieto agus Javier Cañal a bhunaigh an stiúideo. Déanann an stiúideo speisialtóireacht i mapáil físeán agus eispéiris idirghníomhacha a chruthú ina bhfuil solas mar bhunús leis na tionscadail. Léiríonn teilgean solais Theach an Chustaim finscéal Ceilteach d’athnuachan agus d’athbhreith, agus déantar iniúchadh ann ar an gcómhaireachtáil shuaimhneach idir an Intleacht Shaorga agus an cine daonna, mar chaidreamh siombóiseach ina mbaineann a teicneolaíocht agus daoine spriocanna comhpháirteacha amach.

Tá solas mar bhunús le tionscadail V.P.M agus tá ceol mar fhoinse inspioráide ina bpoist. Trí chleachtas turgnamhach. cruthaíonn an stiúideo seónna closamhairc agus eispéiris ealaíonta uathúla, bunaithe ar dhearadh coincheapúil agus nuálaíocht teicneolaíochta. Tá dúil mhór acu san ealaín, i gceol, in eolaíocht, i dteicneolaíocht agus sa dúlra, agus léiríonn siad na foinsí inspioráide sin ar fad ina gcuid oibre. 

Baintear triail as formáidí nua sa stiúideo, agus oibríonn an fhoireann le huirlisí nuálacha agus comhoibríonn sí le healaíontóirí ó ar fud an domhain chun píosaí uathúla a chruthú sna réimsí ealaíonta agus tráchtála araon. Is é an aidhm atá acu leanúint den dul chun cinn agus aon teorainn nó bacainn ealaíonta a shárú trínár n inniúlachtaí cruthaitheacha a úsáid a fheabhas agus is féidir.

IR
Skip to content