Cuir aithne ar na moltóirí
Ard-Oifig an Phoist agus Theach an Chustaim
Comórtas

Juliette Bibasse

Tá go leor taithí ag, Juliette Bibasse ar stiúrthóireacht ealaín, agus taitníonn aeistéitic léi atá simplí agus lom.

Ó bhí 2009 ann, tá sí ag úsáid a cuid scileanna i réimse na healaíne digití, chruthaigh sí ceangail agus deiseanna idir ealaíontóirí, féilte agus aisteoirí cultúrtha.

Tar éis di deich mbliana a chaitheamh mar léiritheoir ealaíontóra, agus í rannpháirteach i réimse leathan tionscadal le go leor ealaíontóirí idirnáisiúnta, rinneadh léiritheoir agus comhléiritheoir neamhspleách di de chuid Studio Joanie Lemercier.

Ba í an léiritheoir idirnáisiúnta í don fhéile STRP festival Eindhoven.

Tá sí ag léiriú parcours solais ó 2020 i gCathair Leuven sa Bheilg, imeacht a bheidh ar siúl i suíomhanna oidhreachta éagsúla. Is aoi-léiritheoir í sna blianta 2023-2024 do LLUM, féile solais Barcelona.

Tá sí lonnaithe sa Bheilg ó 2013, agus tá sí ina ball gníomhach i gcúrsaí ealaíne digití le Federation Wallonia-Brussels agus is leas-uachtarán í i gcoimisiún maoinithe na n ealaíon digiteach faoi láthair.

Chomhbhunaigh sí SALOON Brussels in SALOON Brussels, ar líonra idirnáisiúnta é do mhná atá ag obair i réimse na n ealaíon.

Is ball í de líonra na Fraince le haghaidh na n ealaíon hibrideach agus na gcultúr digiteach darb ainm HACNUM.

Gréasán: http://julietteb.com/

instagram: https://www.instagram.com/juliettebibasse/

Twitter: https://twitter.com/jbibasse

SALOON Brussels: https://saloon-brussels.be/

Joanie Lemercier

Is amharc ealaíontóir agus gníomhaí timpeallachta de chuid na Fraince é Joanie Lemercier a rugadh in 1982, agus déantar iniúchadh ina shaothar ar dhearcadh an duine trí sholas a ionramháil i spás. Úsáideann Lemercier teilgean solais agus ríomhchlárúchán ina chuid oibre den chuid is mó, agus athraíonn sé an chuma atá ar ghnáthrudaí agus ar ghnáthfhoirmeacha laethúla ó bhonn le linn dó an méid atá os a chomhair a chur in oiriúint dá bhfuil ina shamhlaíocht. Sáraíonn a chuid oibre an dromchla comhréidh, agus cuireann sé leis na toisí trí idirghníomhú an tsolais agus an scátha ar ábhair amhail adhmad, gloine, páipéar, ceirmigh, teicstílí agus uisce. Chonaic Lemercier próiseas cruthaithe ealaíne den chéad uair ar ríomhaire nuair a bhí sé cúig bliana d’aois, trí fhreastal ar ranganna faoi dhearadh patrún d’fhabraicí, agus ba í a mháthair múinteoir na ranganna céanna. Ba é an luathoideachas seo a spreag a shuim i struchtúir fhisiciúla: geoiméadracht, patrúin, agus foirmeacha íostacha. Le linn do Lemercier a bheith ag forbairt a chuid oibre, chuir sé tús le hiniúchadh a dhéanamh ar na gnéithe seo trí úsáid a bhaint as an bhfisic agus as an bhfealsúnacht faoin gcaoi ar féidir solas a úsáid chun an réadúlacht a fheicimid a athrú.

Tá tionchar ag an nádúr ar chuid mhór de chleachtas Lemercier agus léiríonn sé macasamhlú an dúlra trí mhatamaitic, eolaíocht, agus teicneolaíocht. Ní bhíonn ann ach timpeallachtaí teibí de réir cosúlachta agus greillí, línte, scáthanna agus méideanna sofaisticiúla ach ansin, nochtar tírdhreacha galánta astu sin déanta as na foirmeacha íostacha céanna. Le blianta beaga anuas, is mó an imní a bhíonn an t athrú aeráide agus díghrádú comhshaoil ag déanamh do Lemercier, rud a chuireann faoi deara dó a scileanna teilgin agus ealaíne a úsáid ar son cúiseanna agus grúpaí is gníomhaithe amhail Extinction Rebellion, Les Soulèvements de la Terre, Ende Gelände, agus déanann sé taifead mionchúiseach ar lorg coise carbóin a stiúideo féin agus á fhoilsiú, agus tacaíonn sé le tionscnaimh amhail #CleanNFT chun spreagadh a thabhairt d’ealaíontóirí digiteacha eile a dtionchar timpeallachta féin a laghdú. Bhí an chéad taibhiú den suiteán físealaíne is nuaí leis, darb ainm Slow Violencein Fundación Telefónica in 2021 ar ócáid an chéad seó mór dá chuid, agus breathnaítear sa suiteán físealaíne sin ar an tionchar atá ag mianadóireacht guail ar cheann de na foraoisí is ársa san Eoraip.

 

Tá Lemercier ag obair le solas teilgthe ó bhí 2006 ann agus chomhbhunaigh sé an lipéad amhairc cáiliúil AntiVJ leis na healaíontóirí Yannick Jacquet, Romain Tardy agus Olivier Ratsi in 2008.

Tá gailearaí bunaithe i Nua Eabhrac ag déanamh ionadaíocht dó ó bhí 2010 ann.

Agus é ag díriú ar a shuiteáin agus ar a shaothar gailearaí, cuireadh a shaothar ar taispeáint ar fud na cruinne in institiúidí amhail China Museum of Digital Art i mBéising, Art Basel Miami, Féile Scannán Sundance, Espacio Fundación Telefónica i Maidrid. Bíonn sé ag comhoibriú le roinnt ealaíontóirí fuaime: Murcof, Flying Lotus, JayZ, Before Tigers, Thomas Vaquié,…

Ó bhunaigh sé a stiúideo cruthaitheach sa Bhruiséil in 2013, á chomh-stiúradh ag Juliette Bibasse, tá Lemercier ag forbairt suiteáin atá níos uaillmhianaí fós mar aon le saothair ghailearaí, agus turgnaimh thaighde a chuireann leis na féidearthachtaí cruthaitheacha a bhaineann leis an solas teilgthe i spás. Le blianta beaga anuas, tá sé ag déanamh iarracht lena fháil réidh leis na hábhair ar fad atá sa dromchla teilgin, agus é ag obair le hábhair thrédhearcacha agus gal uisce.

 

https://joanielemercier.com/

https://www.instagram.com/joanielemercier/

https://twitter.com/joanielemercier

https://www.facebook.com/studiojoanielemercier

Birgit Zander

Is fiontraí é le 30 bliain agus is saineolaí é i réimse na margaíochta turasóireachta, chomh maith le himeachtaí, féilte agus tionscadail spreagtha a eagrú ar fud an domhain, is sainchomhairleoir é do chathracha agus gnólachtaí, agus is léiritheoir mór le rá é maidir le cur i láthair ealaíne.

Féile na Soilse in 2005. Tá cáil ar an bhféile seo mar cheann de na féilte solais is mó a bhfuil tóir uirthi, agus mar cheann de na féilte solais is nua aimseartha go teicniúil ar fud an domhain. Is léiritheoir é a chuireann le go leor féilte solais ealaíne ar fud na cruinne, amhail an tionscadal Kaleidoscope le linn an léirithe ar fad darb ainm EXPO 2020 in Dubai.

1962: rugadh agus tógadh é i mBeirlín.

Céim i Staidéar eacnamaíochta gnó

Degree

1985 – 1987: Príomhbhainisteoir Cuntas

Gníomhaireacht Fógraíochta Flaskamp GmbH

1987 – 1989: Stiúrthóir Margaíochta agus Caidreamh Poiblí

Unger Flugreisen (Tionscnóir Turas Idirnáisiúnta)

1989 – 1992: Bainistíocht

Schlag Marketing GmbH

1992 – an lá inniu: POF

Zander & Partner Event Marketing GmbH

2005-an lá inniu: POF / Forbairt Leanúnach

FoL Festival of Lights International Productions GmbH

Forbairt an bhranda Féile na Soilse agus an chéad taibhiú de 1st Berlin

Tribe, inc Design Studio

Bruce Rodgers
President, Production Designer and Creative Director

Shelley Rodgers
Production Designer, Art Director and CEO

Bruce Rodgers, founder and president of Tribe inc., and a 30-year veteran of the entertainment design industry is highly recognized and respected for his talents as a production designer, art director, concept designer and creative consultant. Shelley Rodgers, production designer and art director, also has worked in the industry for 30 years. Together their design influence has defined the visual language of popular entertainment today.

Credited with design innovation for music tours, concerts, televised events, and national political conventions. Early projects include design work for Ted Koppel’s Nightline specials, Channel 1 News, the launch events for Windows 95 and 2000, the AT&T Global Olympic Village at the Atlanta Olympic Games, and Prince’s Halftime performance at Super Bowl XLI. Tribe inc.’s recent design and art direction credits include: The Book of HOV Exhibit at the Brooklyn Public Library, My Window – Melissa Etheridge on Broadway, Michelle Obama’s Book Tour – The Light We Carry, Cirque Du Soleil’s Live Action Production R.U.N., Cirque Du Soleil’s VOLTA, the 2020 Super Bowl Halftime Show starring Jennifer Lopez and Shakira, the 2008, 2012, and 2016 Democratic National Conventions, Barack Obama’s 2008 Presidential Nomination Speech at Denver’s Invesco Field and the Chicago Grant Park Election Night Speech in 2009, Garth Brooks LIVE at Yankee Stadium, Watch the Throne World Tour starring Kanye West and Jay Z, Madonna’s Drowned World Tour, the Apple Music Festival in London (5 years) , Cirque Du Soleil’s Opening Ceremonies of the 17th Pan-American Games in Toronto, HBO’s 2014 Concert For Valor in Washington, and Romeo Santos 2018 Golden World Tour. Tribe, inc. has designed the CBS Upfront in Carnegie Hall for 7 years and designed several Central Park Concerts starring the NYC Philharmonic Orchestra, Andrea Bocelli, Sting, Black Eyed Peas, and Beyonce, as well as other world tours for Bruce Springsteen, Leonard Cohen, Dave Matthews Band, the Black Eyed Peas, Beyonce, Romeo Santos, Rihanna and Eminem, and Twenty One Pilots. Bruce recently designed the 2020 Democratic National Convention, Election Night, and the Washington DC Covid Memorial and the “Celebrating America” Inauguration Events. Bruce and Tribe, inc. team just won the Emmy for their 16th Super Bowl Halftime show starring Dr. Dre and are nominated for their 17th Super Bowl Halftime show with Rihanna which is nominated for an Emmy. Bruce and team are currently designing the upcoming 2023 Rock and Roll Hall of Fame Induction Ceremony, as well as their 18th Super Bowl Halftime Show starring Usher, tours for Dierks Bentley, Fall Out Boy, Alicia Keys, Zac Brown Band, Chris Stapleton, and Bruce Springsteen, Helene Fischer and Lainey Wilson. Bruce and Shelley are also proud to announce they are designing the 2024 Democratic Convention in Chicago.

IR
Skip to content